Cumann Barra na Gaelige Comhdháil 2024 | Cleachtas Dlí sa Chúirt Dúiche

09 September 2024

13 – 15 Meán Fómhair 2024 | Gaoth Dóbhair, Contae Dhún na nGall

Saoire i nGaeltacht Ghoath Domhair agus Comhdháil Dlí

Reáchtálfaidh Cumann Barra na Gaeilge an chomhdháil bhliantúil aige 13 -15 Meán Fómhair 2024 i gcroílár Ghaeltacht Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall. Mar aon leis na sár-sain-léachtaí suimiúla (a mbeidh pointí FGL/CPD ag gabháil leo) beidh neart deiseanna sóisialta chun aithne a chur ar a chéile agus cuairt á tabhairt ar an bpobal ar leith seo atá suite i gceann de na ceantair is áille in Éirinn. Cuirfear fáil Uí Cheallaigh roimh abhcóidí, aturnaetha, breithiúna, léachtóirí dlí, mic léinn agus printísigh ar suim leo an Ghaeilge ag an gComhdháil.

Faoi chathaoirleacht Chormaic Uí Dhúlacháin SC pléifear sain-ábhair dlí lena gcuimseofar an dlí teaghlaigh, cúrsaí eitice sa Chúirt Dúiche agus an dlí choiriúil. I measc na gcainteoirí beith Páidí Ó Lionáird ó Oifig an Choimisnéra Teanga, Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán agus Dónal Ó Gallachóir, Bainisteoir Straitéise Gaeilge, Seirbhís Chúirteanna na hÉireann.


An Aoine, 13 Meán Fómhair, 2024

14.00 Lón ibPáirc Náisúnta Ghleann Bheatha. F92 P993

15:30 Turas ar Chaisleán Ghleann Bheatha le Dónall Ó Cnáimhsí

21.00 Seisiún Ceoil – Teach Hiúdaí Beag, An Bun Beag. F92 YF61


An Satharn, 14 Meán Fómhair, 2024 

GTeic, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Doirí Beaga, F92 D60W Lá na Comhdhála & Dinnéar- Costas €125


Cleachtas Dlí sa Chúirt Dúiche Cathaoirleach, An Breitheamh Paul Kelly, Uachtarán an Chúirt Dúiche

9.30 Clarú agus Caifé

10.00 Oscailt Oifigiúil leis an mBreitheamh Éiteáin Cunningham

10.15 Painéal Cainteoirí leis an mBreitheamh Ciarán Liddy (a) An Dlí Choiriúil agus (b) An Dlí Sibhialta

12.30 Cur i láthair ó Coimisinéar na Meán – Tábhact na hlriseoireachta Cúirte

13.00 Lón

14.00 Cur i láthair ó Ghlór na Gael agus ó Oifig an Choismisinéara Teanga

14.30 Cursaí eitice sa Chúirt Dúiche

15.00 Painéal Cainteoirí leis an Breitheamh Brendan O’Reilly (c) An Dlí Teaghlaigh agus (d) Dlí na Leannaí

16.45 Focal Scoir

20.00 Dinnéar i Danny Minnies, Anagaire F94 A4CO


Dé Domhnaigh, 15ú Méan Fómhair

11.00 Dreapadh An Earagail nó Turas go Oileán Gabhla


Deir Cormac Ó Dúlacháin SC, Cathaoirleach Chumann Barra na Gaeilge,

Táimid ar bís an ócáid léinn agus leana seo a reáchtáil i gcroí-lár Gaeltacht Ghaoth Dobhair agus molaim do chách freastal air.